Ganesh Shah

Is polaiteoir cumannach Neipealach de bhunadh na Madhes é Ganesh Shah (Neipeailis; गणेश शाह), a rugadh Lohana Dhanusha, 12 Nollaig 1949. Tá sé ar dhuine de na ceannairí is sine ar Pháirtí Cumannach Neipeal (aontaithe), a raibh sé ina Ard-Rúnaí air. Bhí sé ina Aire Comhshaoil, Eolaíochta agus Teicneolaíochta Neipeal freisin i rialtas Pushpa Kamal Dahal "Prachanda".

Is innealtóir meicniúil é Shah de réir gairme, agus bhain sé céim Mháistreachta amach san Innealtóireacht Theicniúil ón Ollscoil Rúiseach Chairdeas na Náisiún Patricio Lumumba (Rúisis: ''Российский университет дружбы народов'') i 1973.

Tá sé pósta ar Kalyanee Sapkota, ball de Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach Neipeal (aontaithe), a bhfuil beirt mhac aige. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 1 toradh á dtaispeáint as 1 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Shah, Ganesh', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1